The Project Gutenberg eBook of Leabhráin an Irisleabhair—III This ebook is for the use of anyone anywhere in the United States and most other parts of the world at no cost and with almost no restrictions whatsoever. You may copy it, give it away or re-use it under the terms of the Project Gutenberg License included with this ebook or online at www.gutenberg.org. If you are not located in the United States, you will have to check the laws of the country where you are located before using this eBook. Title: Leabhráin an Irisleabhair—III Author: Chonán Maol Beirt Fhear Patrick S. Dinneen Gruagach an Tobair Release date: June 23, 2005 [eBook #16122] Most recently updated: December 11, 2020 Language: Irish Credits: Produced by Brendan O'Connor and the Online Distributed Proofreading Team at https://www.pgdp.net *** START OF THE PROJECT GUTENBERG EBOOK LEABHRÁIN AN IRISLEABHAIR—III *** Produced by Brendan O'Connor and the Online Distributed Proofreading Team at https://www.pgdp.net LEABHRÁIN AN IRISLEABHAIR.--III. [Illustration: Seanaid na nGaedheal] SCOIL GHAEDHEALACH. Aistí ó "CHONÁN MAOL," "BEIRT FHEAR," "AN tATHAIR PÁDRAIG Ó DUINNÍN," Agus "GRUAGACH AN TOBAIR." Ar n-a chur amach do CHONNRADH NA GAEDHILGE, Baile Átha Cliath. 1903. CLÁR AN LEABHRÁIN SEO. I. Scoil Ghaedhealach, ó "Chonán Maol." II. Scoil Ghaedhealach, ó "Bheirt Fhear." III. Scoil Ghaedhealach, ó'n Athair Pádraig Ó Duinnín. IV. Cuirtear Corc sa Bhairile feasta, a Uaisle, ó "Ghruagach an Tobair." RÉAMHRÁDH. Tháinig na haistí leanas annso amach i nIRISLEABHAR na GAEDHILGE, agus táimíd dá gcur i gcló arís le súil go ndéanfaid tuilleadh maitheasa, agus go gcabhróghaid chum brostughadh ar an lá go mbeidh scoileanna agus oideachas na hÉireann go fíor-Ghaedhealach. Is é an rud atá 'gár lot agus gar gcoimeád siar acht ná fuilimíd ag déanamh úsáid dár dteangaidh féin chum gach éan-tsaghas gnótha do chur i gcrích. Labhraimís Gaedhilg leis na leanbhaí scoile, múinimís ealadhna is eile dóibh tríd an nGaedhilg, is annsoin is gairid an mhoill go mbeidh Éire Gaedhealach amuigh 's amach. FEAR AN IRISLEABHAIR. I. SCOIL GHAEDHEALACH. Sula dtosnuighthear tigh, léirighthear an talamh, baintear an fód, rómharthar go bhfaightear bun daingean dlúth & cuirtear an chloch-chúinne annsoin. Támuid-ne ag léiriughadh na talmhan. Is gnó tairbheach é & gnó trom. Támuid ag árdughadh tighthe leis acht i n-ionad a gclocha cúinne do dhingeadh síos mar a bhfuil an chré ghlas chruaidh is eadh is baoghlach go bhfuilmíd 'gá gcur ar thalamh bhog do chritheann fá n-ár gcosaibh. Tá bun is na ceanntraibh Gaedhealacha agus má shuidhtear tigh air sin ní réabfadh gaoth ghuairneáin na nIndiatha Thoir na tigh sin. Measaim gur bh'iascaire d'árduigh an chéad tigh i mBaile-Átha-Cliath i bhfad ins na ciantaibh. Ní raibh aige chuige acht cleathacha adhmaid chum fallaí, & scrath an tailmh chum dín a thighe, acht as an gcéad thosughadh soin d'fhás Sráid Uí Chonaill mar a gcuireann Connradh na Gaedhilge fútha indiu. Cuirimís-ne leis tigh ar bun--scoil Ghaedhealach, i gceanntar Ghaedhealach--is cuma cá mbeidh sí suidhte, thiar, thuaidh nó theas, acht go mbeidh an áit Gaedhealach. Caidé an cuma is fearr chum a déanta? Is eól d'ár dtimthirí an áit is oireamhnaighe le n-a leithéid do chur ar bun acht dála na cuma is fearr chum an ghnótha do chur chum cinn bheinn buidheach do chách a chomhairle thabhairt dúinn. Dar liom-sa tá an scoil curtha suas cheana agus ní fhuil againn acht a cruth d'atharrughadh. 'Sí an scoil Bhéarlach úd í do thóg an sagart paróiste le cabhair an Bhuird Oideachais. Tá sé riachtanach orainn ar dtúis cead an tsagairt agus cead tuismidhe na leanbh d'fhagháil agus an scoil do cheannach ó'n mBord. Díolfaidh an bord í go mear má bheidh fhios aca go bhfuilmíd dáiríribh agus go bhfágfamuis a scoil 'n-a fotharach folamh aca chum scátha thabhairt d'uanaibh lá fearthainne. Muna bhfuil sí oireamhnach d'ár ngnó dhéanfainn ceann nuadh. "Cad do dhéanfar leis an máighistir mbocht atá annsúd?" adéarfaidh duine éigin. An méid seo go deimhin. Má tá fios a ghnótha aige, sé sin má tá sé 'n-a chumas Gaedhilg is léigheann maith do mhúineadh do'n aos óg, tógfar é ó smacht an Bhuird Oideachais, tabharfar tuarastal níos fearr dó ná tá aige agus coinghill freisin go bhfuighidh sé an tuarastal soin ar feadh a bheathadh acht a ghnó do dhéanamh go maith & aire thabhairt dó féin. Déarfainn gur bh'fhiú fear maith tuarastal 200 púnt 'sa mbliadhain, do mhúinfeadh an leanbh ó thosach i nGaedhilg, & do dhéanfadh clár oibre mar leanas:-- GARSÚIN IS GEARRCHAILLÍ I n-ÉINFHEACHT AMUIGH IS AMACH LE SÉ BLIADHNA D'AOIS, An chéad bhliadhain: Gaedhilg amháin is Teagasc Crióstuidhe. An dara bliadhain, & as soin go dtí an t-aonmhadh bliadhain déag: Gaedhilg, Stair, Teagasc Críostuidhe, Áireamh, léar-eólas, Béarla--gach nídh múinte thre Ghaedhilg. An t-aonmhadh bliadhain déag: Ealadhna eile, Tómhas Cruinne, & Úclid. Ó'n t-aonmhadh bliadhain déag suas: Caithfear bean-mhúinte do sholáthar do na cailíníbh i dteannta an mháighistir, do mhúinfidh Fuagháil, Cniotáil, Nigheachán, Cócaireacht is gach nídh do bhaineann le tigh, is le héanlaithe. Ba chóir go bhfuighthidhe a leithéid sin de mhúinteóir ar chéad go leith 'sa mbliadhain & ar an oiread céadna fear do mhúinfeadh míniughadh talmhan do na buachaillíbh. Caithfear trí acra do cheannach cois na scoile i gcóir gach saghas míniughadh talmhan do mhúineadh dhóibh ní amháin as leabhraibh acht as obair lámh. Is leis na haosánaigh toradh na talmhan soin & cuirfear i dtaisce dhóibh a luach, mar díolfar ar an margadh na barraí. Is é míniughadh talmhan an t-eólas is oireamhnaighe d'ár ndaoinibh indiu. Níor múineadh fós dóibh é, agus tá a rian air, támuid creachta ag tíorthaibh deórata toisc nach bhfuil an t-eólas cruinn againn le sochar do bhaint as an dtalamh. Deir fir eólacha go mbainfidhe a chúig n-oiread sochair as an dtalamh so againn is baintear as indiu. Dá mbainfidhe féin ba bheag an bhrigh dhúinn-ne é mar bheadh sé go dtí seo ag an bpéist sin an máighistir talmhan. Tá breacadh an lae chughainn ámh, agus is mithid d'fheirmeóiríbh na hÉireann iad féin do ghléasadh. Tá daoine eile lasmuigh ag déanamh airgid as a gcuid talmhan agus ár dtír-ne ag dul chum fiadhantais. Thall i nAlbain an t-am so de bhliadhain is gnáthach le feirmeóirí na scioltháin do chur i mboscaíbh istigh i dtighthibh agus ithir is aoileach do chur leó go séideann na bog-ghais thre shúilibh na sciolthán soin. 'Sa mhí seo chughainn sáithfear na scioltháin sin i dtalamh is beidh prátaí nua san Abrán atá chughainn aca súd. Chonnac fiche púnt dá thabhairt ar thonna prátaí nua roimh Bhealtaine i gcathair Lúnduin. Ní áiteómhadh an saoghal orm 'ná go bhfuil sé i gcumas feirmeóirí na hÉireann an rud céadna do dhéanamh. Tháid siad chomh gasta is chomh críochnamhail leó súd thall, acht amháin nach bhfuil eólas mínighthe talmhan aca. Ní féidir leó dá réir sin dhá bharra prátaí do bhaint as an dtalamh i n-éin-bhliadhain amháin & an leasughadh ceart do chur ar n-ais ann gcás ná raghadh an talamh soin i ndísc. "An as scoilín Gaedhealach do mheasann tú an t-eólas soin do mhúineadh do na feirmeóiríbh?" adéarfaidh duine éigin, is é ag leamh-gháiridhe. Go réidh, a dhalta. Ni fhuil síol-chnó na daire chómh mór le méaracán, acht féach ar bhile na coille d'fhásann uaidh, a cheann go hárd, a phréamha go doimhin, a chabhail thoirteamhail, a ghéaga reamhra, righne. D'fhás an crann uaibhreach soin as beagán, ní raibh deabhadh 'ná deithneas air, acht níor staon sé riamh gur fhás sé. Féach go cruinn air, is machtnuigh! D'éis an chéad scoil Ghaedhealach do chur ar bun & taithighe bheith againn ar an ngnó, is féidir linn scoileanna eile d'fhagháil mar a múinfear gach uile chéird do theastóchaidh uainn i nÉirinn, mar atá leasughadh leathair, gréasuidheacht, figheadóireacht, táilliúireacht, siúinéireacht, & cearda eile. Cuirfear árdscoil ar bun i mBaile Átha Cliath, nó gCorcaigh, nó i nGaillimh, le haghaidh gach ealadha thairbheach do mhúineadh as Gaedhilg do'n aos óg do thoghfar as na scolaibh Gaedhealacha. Chuir ár sinsir scoileanna na Teamhrach is Chluana, Bheannchoir is Árdmacha ar bun, & leath a gcáil ar fuid an tsaoghail. Tá an fhuil chéadna ionnainne. Misneach, a chlann ó! Is linn-ne tír gheal-innseach na hÉireann, & is gearr go mbeidh sí againn le congnamh Dé. * * * * * Mar a gcuireann C. na G. fútha, _where the G.L. put up (reside)_. Tuismidhe, _parents_. Áireamh, _Arithmetic_. Léar-eólas, _Geography_. Tómhas Cruinne, _Geometry_. Míniughadh talmhan, _Agriculture_. Aosánaigh, _youngsters_. Tíortha deórata, _foreign countries_. Scioltháin, _"cut" potatoes for seed_. Ithir, _earth-mould_. Ní áiteomhadh &rl. _The world would not persuade me_. Críochnamhail, _industrious_. Síol-chnó na daire (no darach), _the seed nut of the oak, acorn_. CONÁN MAOL. II. SGOIL GAEDHEALACH. Tá an ceart ar fad ag Conán Maol. Teastuigheann sgoil Ghaedhealach uainn. Ní múineadh atá againn i nÉirinn anois acht creachadh, & tá a rian orainn. Tá an donas a' teacht ar ár dtír. Ní'l againn acht bliadhain níos measa 'ná a chéile. Tá muinntir na tuaithe a' scaipeadh agus a' meathadh, & tá na sráid-bháiltí beaga ag dul i n-olcas gan aonach gan margadh foghanta. Féachaimís ar an dtalamh agus ar churadóireacht na tíre. Tá an chuid is mó de'n talamh leath-bháithte le huisge, & ní hamháin an talamh ísiol acht leicne árda. Is ortha tá na barraí breaghtha luachra a' fás & gan duine ná daoine a rómharfadh díog chun iad a thiormughadh. Féach feirmeóirí na hÉireann a' díol a gcod' coirce ar dhá theistiún an chloch & a' tabhairt sgillne ar _Castalia_ nó ar rud éicint eile go bhfuil ainm mhór air. Féach ár dtír agus í maol ó chrannaibh. Nuair do b'fhéidir leis na huaislibh crainn a chur níor chuireadar iad. Dá gcuirfidís ní bheidís anois mar bheadh bacaigh a dúthaigh ag iarraidh déarca ar Bhuindeam. Bheadh airgead i n-a bpócaíbh aca & bheadh obair ag lucht oibre atá anois a' teitheadh as Éirinn. Agus cad is cionntach leis seo? An saghas tabhairt suas a fuaireadar. Níor cheap éinne go mba cheart d'uaislibh na hÉireann eólas do bheith aca ar thalamh na hÉireann. 'Seadh! tá toradh a ndeagh-oibreacha aca anois, & is baoghlach liom-sa nach ag dul i bhfeabhas a bheidh an sgéal aca feasta. Acht cad deir an feirmeóir? Ceapann seisean ná fuil éan-mhaitheas i gcrainn acht iad do ghearradh & a dhóghadh. "Ní'l siad acht a' sughadh brighe an tailimh." Ní baoghal dó-san crann a chur. Gearrann sé an crann mar gheall ar a bheith 'sa' tslighe air, acht bíonn na mílte feóchadán & geósadán a' fás i n-a pháirc aige. Nuair a bhí sé seo 'n-a gharsún a' dul ar sgoil fuair sé árd-mhúineadh. Bhí fhios aige cia'ca an cnoc is aoirde 'sa' domhan. Do 'neósfadh sé dhuit an méid uisge ghabh le fánaidh le bliadhain i n-abhainn mhóir íochtair Aimeirice, & bhí cúnntas cruinn aige ar athair agus ar mhathair ríogh bhí 'sa' Róimh na mílte bliadhan ó shoin. Badh dhóigh le duine gur adhbhar captaín a bhí 'sa' gharsún agus an saghas foghluim a fuair sé ar sgoil. Nár chóir go mbeadh an bheag nó an mhór d'eólas le fagháil aige ar an tslighe bheathadh bhí i ndán dó. Acht ní mar sin a bhí. Chonnaic sé na crainn a' fás; chonnaic sé an duilleabhar a' séideadh ins an Earrach & a' tuitim 'sa' bhFoghmhar; acht níor chuir éinne 'n-a cheann ná raibh ó'n gcrann úd ar thaobh an bhóthair acht greim fhagháilt ar an dtalamh & go mbeathóchadh an t-aer é. Is cuimhin liom-sa sean-daoine nár chaith lá riamh ar sgoil, & geallaim & deimhinghim gur mó an t-eólas a bí aca ar churadóireacht & ar nidhthibh a bhaineann le saothrughadh na talmhan 'ná bhíonn anois aca so a chaitheann na bliadhanta ar sgoil. Ní héin-iongnadh an sgéal a bheith mar seo ag ógánaigh na haimsire seo. Tagann mórán d'ár gcuid eólais chughainn ó dhúthchas. Pé eólas a bhí ag ár seacht-sinsearaibh is i nGaedhilg do b'fhéidir leó é chur i n-umhail dá gclainn; acht ní raibh éin-mhesa aca-san ar Ghaedhilg. Chaitheadar uatha í, & i n-a theannta sgaradar le heólas na sean-daoine a tháinig rómpa. B'fhéidir go raibh beagán d'eólas a shinsear ag an bpáisde ar dhul ar sgoil dó ar dtúis. Acht, má bhí, níor b'fhada gur stracadh as na préamhachaibh an t-eólas so, & má fhágadh éan-chuid de gan stracadh, do múchadh é le carta an Bhéarla sara raibh an leanbh leath-bhliadhain ar sgoil. Thug na múinteóirí iarracht ar síol an Bhéarla a chur. Ní raibh an ithir ró-oireamhnach, & ba mhinic an síol go holc, & ba mheasa é an leasughadh, & b'é deireadh an sgéil é gur fhág an sgoláire an sgoil & é gan Bhéarla gan Ghaedhilg. Bhfuil leigheas le fagháil ar an aicíd seo? Tá, gan amhras. Tá an leigheas ag an ndorus againn. Tá an leigheas i dteangain ár sinsear. Moladh le Dia! tá an leigheas ag oibriughadh anois. Tá síol curtha i n-ithir mhaith. Ba mhaith linn-ne dá bhfeicimís an geamhar a' teacht suas níos treise & níos tiugha 'ná atá sé. Acht bíodh foidhne againn. "Tagann gach maith le cáirde," & "I ndiaidh 'chéile dhéantar na caisleáin." Beidh barra maith againn fós, le congnamh Dé. Ní doig liom féin gur tháinig an t-am fós chun Sgoil Ghaedhealach "Chonáin Mhaoil" a chur ar bun. 'Sé is ceart dúinn úsáid a dhéanamh des na sgoileanna atá againn. Má is maith leis na stiúrthóirí é, is féidir leó Sgoil Ghaedhealach a dhéanamh d'éan-sgoil atá fútha. Anois ní fuláir nó tá sagart le fagháil i Gceanntar Ghaedhealach a chuirfeadh Sgoil Ghaedhealach ar bun. Agus muna bhfuil a leithéid seo le fagháil, cuirimís sgoil oidhche suas. Tá airgead le fagháil ó'n Riaghaltachas ar an obair seo. Is féidir linn-ne greim fhagháil ar chuid de chun na Gaedhilge a mhúineadh & ní dóigh liom-sa go bhfuil aon scairt 'sa' bhearnain le cosg a chur orainn. "An té ná bíonn láidir Ní fuláir do bheith glic." Ní'lmid-ne láidir fós, & nuair ná fuilmid, 'sé is fearra dhúinn a dhéanamh 'ná greim a bhreith ar gach buntáiste & úsáid a dhéanamh díobh ar son na Gaedhilge. "Glac a bhfaighir & díol a bhféadfair." BEIRT FHEAR. Gluais. Creachadh, _spoiling_. A' scaipeadh & a' meathadh _scattering and decaying_. Sráid-bhailtí, _villages_. Leicne árda, _high hill-sides_. Dhá thuistiún an chloch, _eightpence a stone_. Maol ó chrannaibh, _bare of trees_. Crainn a chur, _to plant trees_. Ag iarraidh déarca, _seeking alms_. Cad is cionntach, _what is to blame for this_. Tabhairt suas, _up-bringing, education_. Ní baoghal dó-san crann chur, _no fear of his planting trees_. Cia'ca an cnoc is aoirde, _which is the highest mountain_. Ghabh le fánaidh, _went down_. An bheag nó an mhór d'eólas, _some little or much knowledge_. Curadóireacht, _agriculture_. Is i nGaedhilg do b'éidir leó, _in Irish they were able to make it known to their children_. Stracadh as na préamhacha, _torn out of the roots_. An ithir, _the soil_. Geamhar, _young grass_. Scairt sa bhearnain, _a bush in the gap_. III. SCOIL GHAEDHEALACH. Is beag an mhaitheas dúinn bheith ag trácht thar Ghaedhilg & ag áiteamh ar dhaoinibh gur beó-theanga í muna bhféadfaimíd í shaothrughadh mar shaothruighthear gach beó-theanga 'san Eóraip. Is beag an mhaitheas bheith ag iarraidh smacht a chur ar dhaoinibh bochta gábhataracha, ar lucht iascaireachta, ar lucht sclábhaidheachta, is ar a leithéididhibh, bheith ag iarraidh maide a thabhairt dóibh muna labharfaid Gaedhilg iad féin is muna labharfaid Gaedhilg le n-a bpáistidhibh & bheith ag gearán ná fuil ruainne do'n Spioraid Ghaedhealaigh fágtha 'n-a measc nuair a mhothuightear an tuile ag trághadh & gan caoi ar chasadh aici. Is beag an mhaitheas é sin go léir muna bhféadaimíd gach nídh bhaineann le n-a ngnó saoghalta do mhúineadh dos na daoinibh i nGaedhilg. Muna bhfuil brigh 'san Ghaedhilg fé láthair acht chum iasc do chomhaireamh nó cearca do dhíol ar mhargadh nó déirc a lorg ó thigh go tigh nó fós chum amhráin shultmhara do chanadh le hais na teineadh, ní fada fhanfaidh fiú na bríogh soin féin innti, agus is beag an mhaitheas dúinn bheith ag gabháil dí agus ag tabhairt iarrachta ar í choimeád 'n-a beathaidh. Ní féadfaidh daoine bheith i gcomhnuidhe ag díol cearc nó ag comhaireamh éisc nó ag lorg na déirce--caithfear a lán rudaidhe nach iad a dhéanamh, & muna mbeidh sé i gcumas na ndaoine iad a dhéanamh i nGaedhilg déanfar i mBéarla iad agus léigfear an Ghaedhilg le fuacht is le faillighe. Má fhanann gach duine óg is aosta, a labhrann Gaedhilg is ná fuil tabhairt suas i mBéarla air, má fhanann sé 'n-a _illiterate_, má's éigin dó a mharc (×) a chur i bpáipéar i n-ionad a anma, má's éigin dó múinteóir Béarla d'fagháil dá chlainn nó iad a bheith 'n-a n-_illiterates_ mar é féin--má leantar do'n chleas soin, is gearr a bheidh a leithéidí sin d' _illiterate_ n-ár measc, is geárr a bheidh Béarla ag éinne acht drabhghail bheag gan bhrigh. Cad do ruaig an Ghaedhilg as Conntae Luimnigh, as Conntae Tiobrad Árann, as ur-mhór de Chonntae Chorcaighe, as Cathair Chorcaighe agus as conntaethibh is cathrachaibh nach iad? Cad do chuir an fán uirthi, ó aimsir an droch-shaoghail go dtí seo? 'Neosad-sa díbh cad do chuir fán is ruagairt ar ár dteangain. Leath-chéad bliadhan o shoin nó ós a chionn bhí sí dá labhairt go flúirreach ag óg is aosta ar fuaid na Mumhan, & ba dhóigh le duine ná tiocfadh aon bhriseadh go bráth uirthi. Bhí filidheacht le fagháil aisti, bhí scéalta fiannaidheachta le fagháil aisti, bhí comhrádh suilt is grinn le fagháil aisti. Dar ndóigh ba mhaith an rud sain. Acht ní fhéadfadh daoine maireachtaint ar rannaibh filidheachta, is ní bhainfeadh eachtraidhe ar Oisín is ar Oscar an tart ná an t-ocras de mhuirighean óg neamh-chongantach. Níor féadadh dul chum cinn le gnó an tsaoghail gan tabhairt suas éigin oireamhnach, & ní raibh an tabhairt suas soin le fagháil i nGaedhilg, & bhí sé le fagháil i mBéarla. Dá bhrigh sin cuireadh an Ghaedhilg i leath-taoibh & tá a rian uirthi indiu. Tá an rud céadna soin ar siubhal fá láthair. Táthar ag cur na Gaedhilge i leath-taoibh d'fhonn tabhairt suas tairbheach d'fhagháil i mBéarla. Agus beifear dá cur i leath-taoibh go mbeidh sé 'n-ar gcumas teagasc oireamhnach tairbheach a thabhairt i nGaedhilg do'n aos óg a labhrann í do réir dhúthchais. Is maith an rud timthiridhe do scaoileadh amach fá'n dtuaith; is maith an sud craobhacha do chur ar bun annso is annsúd 'sna críochaibh Gaedhealacha. Ní'l aon locht agam le fagháil ortha, acht creid mise leis ní réidhteochaidh timthiridhe an cheist go lá an chunntais. Dá mbeadh timthire againn i gcóir gach sráid-bhaile nó gach baile Gaedhealach & gach timthire a bheith ag obair go dian dúthrachtach ó cheann ceann na bliadhna, dá mbeadh craobh do Chonnradh na Gaedhilge i ngach baile & na leabhair is deise 'san domhan dá gcur amach gach seachtmhain agus an ceól is bríoghmhaire i nÉirinn dá spreagadh agus an rinnce is anamamhla le fagháil fá ghléas againn--ní chuirfeadh na neithe sin go léir sonas ná bail ar ár dteangain dá mbadh rud é gur bh'éigin do'n aos óg iompódh ar an mBéarla chum an tabhairt suas d'oireann dóibh dá ngnó saoghail d'fhagháil. Is mar sin atá an scéal fá láthair, agus is mar sin a bheidh an scéal go gcuirfear scoileanna fíor-Ghaedhealacha ar bun. Acht mar adeir Conán Maol, tosnuightear le héan-scoil amháin. Bíonn gach aon tosnughadh lag. Lastaréan-choinneal bheag amháin mar thosnughadh, agus is gearr go mbeidh soillse ar ndóthain againn. An bhfeacabhar riamh an chuma i n-a lastar na coinle 'sna heaglasaidhibh. Nuair a bhíonn cruinniughadh mór bailighthe le chéile agus coinneal i láimh gach duine aca, faghthar aon bhuaiceas bheag amháin; lastar í; lastar coinneal i láimh dhuine éigin léi, druideann an duine sin a choinneal ar lasadh chum coinle a chomhursan, & lasann a choinneal; lasann siúd coinneal an té bhíonn le n-ais, agus dá réir sin ritheann an teine ó dhuine do duine, agus is gearr an mhoill go bhfeictear blaodhm solais ag gealadh na heaglaise go lonnrach agus ag cur compórd is áthas ar na daoinibh ar fad. Is mar sin a bheidh an scéal againn i dtaoibh na scoile, cuirtear aon scoil amháin ar bun; lastar an choinneal bheag amháin, agus is gearr le congnamh Dé go mbeidh blaodhm soluis ag éirghe ó chúig áirdibh na hÉireann ná múchfar go deó na ndeór. Is mithid dúinn tosnughadh. Is cuma cá gcuirfear an scoil sin ar bun--i nDún na nGall, i gConntae na Gaillimhe nó i gCiarraidhe. Acht ó's Ciarraidheach Conán Maol, ó's Ciarraidheach "Beirt Fhear" agus ó's Ciarraidheach mé féin, agus nuair ná fuil aon chríoch ná Conntae eile ag tabhairt fá'n obair seo, is dóigh liom gur fearra dhúinn tosnughadh le Ciarraidhe--áit éigin thiar an fad i mBaile an Fheirtéirigh nó i nÍbhráthach nó i nGleann Beithe. B'fhearr liom aon scoil fíor-Ghaedhealach amháin 'ná dhá thimthire. Caithfear airgead do sholáthar acht ní dóigh liom go bfágfaidh na Ciarraidhigh cibé áit i n-a bhfuil siad aon easnamh orainn, agus ní'l amhras ná go dtabharfaidh an Árd-fheis congnamh dúinn agus go mbeannóghaidh sí ár n-obair. Tosnuighmís le congnamh Dé agus do réir mo thuairime níor rinneadh obair riamh ar son ár dteangan níos fearr 'ná an obair do cheap Conán Maol. PÁDRAIG UA DUINNÍN. IV. CUIRTEAR CORC SA BHAIRILE FEASTA, A UAISLE. Nuair bhíos-sa ar scoil sa tseana-shaoghal, ní raibh námhaid ba mhó agam ná bairile. Seo mar a thárlaidh sin. An mí-fhortún máighistir a bhí againn, ní raibh oiread mo dhuirn ann, acht bhí béic asail aige, & rud ba mheasa na soin, slat chomh fada le slat Mhaoise. "Anois" adeireadh sé, agus é ag rástáil síos agus suas, agus ag fáscadh na slaite ar tí na súl a bhaint asainn, "tá bairile áirithe ann agus dhá pholl ann--poll 'n-a bhun agus poll 'n-a bharr, agus dhá corc ionnta. Dá mbeadh an bairle lán d'uisce agus go dtarraiceoghthá an corc thíos do bheadh an bairile follamh i gcionn deich nóimití; acht dá mbeadh sé follamh & go leogfá uisce isteach ann tríd an bpoll thuas, do bheadh sé lán i gcionn dhá nóimit déag. Cuir i gcás anois go mbeadh an bairile lán, agus go dtarraiceoghthá an dá chorc i n-éinfheacht, cahuin a bheadh sé i n-dísc?" Is ar an gceist seo do chuimhnigheas an lá fé dheireadh nuair chonnac aiste Chonáin Mhaoil mar gheall ar an scoil Ghaedhealaigh. Mar is solaoid d'Éirinn an bairile úd. Bhí sí ar scéidhe de Ghaedhilg--cnuasach saothair intinne ár sinsear romhainn. Annsoin, do tháinig an fealltóir Sasannaigh, & do dhein sé poll i dtóin an bhairile, agus siúd an t-uachtar saidhbhir le fánaidh. I n-ionad an phuill a stop is amhlaidh a bhíomar-na, ar nós bhraisile leanbh timcheall locháin ar thaobh sráide glagair, ag rinnce & ag bualadh bas le spórt nuair choncamair na caisí geala ag gabháil síos, agus do rop cuid againn ár méaranna sa pholl ghá fhairsingiughadh i gcás go mbeadh tuile níos mó againn. Sul a raibh an tubaist ar fad déanta againn do tháinig fir chalma Chonnradh na Gaedhilge d'ár gcose. D'éis aghaidh béil a thabhairt orainne do chuadar ag stop an phuill. Acht níor leog an Sasannach dóibh é. "Pé nídh is mar a dheineann an Bairile," ar sé, "is liom-sa an poll soin, agus ní leómhthaidh sibh barra méire a leogaint air." "Déinimís poll i gceann an bhairilie" arsa na fir, "agus cuirimís tuilleadh uachtair ann." Do déanadh mar sin, agus do chuireadar fios ar uachtar ar fuid na tíre le cur 'sa' bhairile; acht, foríor! tá uachtar gann i nÉirinn anois. Cuireadh stranncán maith ó Bhaile Mhúirne chúcha, cuid ó'n nGailimh, cuid ó Chiaraidhe. Do chuir an tAthair Peadar tuna uaidh féin chúcha; agus do bhailigh Cú Uladh, an fear bocht lán poitín dóibh thall 'sa abhus i dTír Chonaill. 'N-a n-éaghmais sin, is minic ná raibh le fagháil aca acht an bainne géar, an lionn caol, & an bhláthach. Ní ag lochtughadh na ndaoine n-a thaobh soin atáim, mar thugadar uatha go toilteanach é, & ní raibh a mhalairt aca. Tá atharrach scéil le tamall againn, agus ó tá is dóigh liom-sa nár mhisde dhúinn a tharrac chugainn. D'fhág na Sasannaigh an bairile fúinn féin. Nach mithid dúinn an corc a chur ann? Bhí tuigsint mhór i mbairile ag an máighistir úd a bhí orm-sa, agus déarfadh sé ná tiucfadh leis an nGobán Saor féin é líonadh faid a fágfidhe a leogaint uaidh tríd an uathais mhóir úd 'n-a thóin é. Ní ag dul i gcumhainge atá an uathais seo, tá seacht gcomhachta ag cabhrughadh le chéile chun í leathanughadh ó ló go ló. Farsingi-gheann rith uisce poll choidhche. Ní'l éan-duine a thógadh suas le galldachas ná déanfaidh sé na daoine a bheidh 'n-a chomhluadar gallda mar é féin. Chonnac-sa an lá eile triúr leanbh óga nár chuaidh ar scoil riamh ghá dhéanamh so le na sean-mháthair agus í i n-aois a ceithre fichid. Bhí "_tiss_, a laogh," agus "_neo_, a laogh," agus "_mindeen yoursel_, a chuidín," ar bharra a teangan ó mhaidin go hoidhche aici dhóibh. Tá an traen agus na camthaí seirbhíseach a bhíonn na feidhil á dhéanamh; tá an post, & buachaillí an phuist a théidheann ó thigh go tigh san tuaith dá dhéanamh; tá páipéar na seachtmhaine á dhéanamh; an gnó céadna ar siubhal san scoil & san séipéal; na timthirí atá amuigh ó sna Bórdaibh seo a bhíonn ag comhairliughadh na bhfeirmeóirí; na tighthe ósta & na cuairteóirí & a lucht leanamhana--tá siad so uile ag méadughadh an phuill úd, mar tá siad ó cheann ceann de'n bhliadhain ag dingeadh Béarla isteach ár gcluasaibh. Féachaimís anois an bhfuil ár sciath-chosanta leathan láidir a dhóthain chun na náimhde uile seo a choimeád uainn amach. Tá ár seasamh ar na páistíbh. Chíonn gach éinne é sin. Caillimís iad, agus tá sé chomh maith againn 'slán beó' fhágaint ag ár mbairile go deó. Coimeádamís Gaedhealach iad, agus tá an lá linn. Ní fheadar an dtuigid do léightheóirí deacracht an nídh seo ámhthach. Labhradh éan-athair cloinne atá ag casadh le n-a leanbhaí féin a thabhairt suas mar badh chóir. Badh mhaith liom focal ó Pheadar Ó Laoidhléis ar an gceist seo. Sé lóbh is dóigh liom adeir gur cogadh síoraidhe beatha dhuine ar an saoghal. Acht deirm-se ná fuil sa chogadh so acht neamh-nídh seachas an cogadh a bhíonn ar gach teinteán i n-a mbítear ag casadh le leanbhaí do choimeád Geadhealach i n-indheóin na náimhde do áirimhigheas thuas. Agur má's mar seo atá an scéal ag leanbhaí na nGaedhilgeóirí connus atá sé ag an marcsluagh ná tabharfadh a dtúismidhthe biorán buidhe ar ciaca bheidís Gaedhealach nó Gallda! Cad do dhéinimíd-na, muinntir na Gaedhilge, do sna leanbhaíbh seo. Múinimíd páidreacha Gaedhilge dhóibh, ach is i mBéarla déanfaidh an sagart agus an t-Easpog iad do cheistiughadh; múinimíd dóibh connus Gaedhilg do léigheamh, acht óir is scoil Bhéarla í, caithfidh an Béarla bheith i mbun 's i mbárr ár gcuid oibre. Múinimíd rinnce Gaedhealach dhóibh, acht is i mBéarla dhéanfaid siad cainnt air agus úsáid de n-a dhiaidh sin. Sé an scéal céadna ag gach nídh eile é. Ní'l an fear soin cruthanta fós a dhéanfadh nídh do bh'fearr de leanbhaíbh leis an saghas so oideachais ná _Anglo Irishmen_. Sin é go cruínn atá againn dá dhéunamh díobh. Ní'l ann acht ag casadh le baraile na tóna briste do líonadh. Ní'l réiteach na ceiste seo, ná sábháil na teangan le fagháil taobh amuigh de'n scoil Ghaedhealaigh. Is éigin na leanbhaí do chur uirthi, & gach nídh d'oirfidh dóibh a mhúineadh i nGaedhilg. Ní dhéanfadh an galldachas díth ná dochair annsoin dóibh. Do thuitfeadh sé siar síos díobh mar a thuiteann an braon de'n lachain. Ní féidir an teagasc so thabhairt i n-éan-scoil náisiúnta indiu. Ní'l sa cheann is fearr aca so go fíor acht scoil ghallda. Caithfimíd féin, ar an adhbhar soin, costas na scoile d'fhulang sa chéad fháscadh. Ní'l amhrus ar domhan, ar a shon sain, má chuirfimíd suas í, & má théidheann an obair chun cinn innti--má thigeann linn gnó tairbheach a dhéanamh innti--níl amhras ar domhan ná go ndíolfadh an bórd léighinn asti i gcionn chúpla bliadhain, & ná go leogfaidís dúinne leanamhaint do'n obair do chuireamair ar bun innti. Is dóigh liom féin go mbeidh eagla an chostais ar an gCoiste Ghnótha; agus má bhíonn is dócha gur bh'fhéidir do dhaoinibh lasmuigh de'n Choiste an t-airgead do dhéanamh suas. Táim chomh cinnte go bhfuil an scoil ag teastáil uainn, chomh cinnte go ndíolfadh an Bórd i gcionn chúpla bliadhan aisti, agus annsoin gur bh'fhéidir dúinn mórán dá saghas a bheith againn; chomh cinnte go bhfuil saoradh na teangan innte, go dtabharfad £5 d'éan-fhuireann Gaedhilgeóirí a chuirfidh le chéile chun í do sholáthar. Tá saothar mór déanta le deich mbliadhna againn. Ba ró-lag é ár dtosnughadh: Ní'l bliadhain a ghabhann tharainn ná tugamaoid coiscéinn chun cinn--ná téidhimíd pas beag níos aoirde. Is maith é sin. Leanamís de. _Excelsior_ choidhche! Tá coiscéim na bliadhna so gan tabhairt fós againn. Tugaimís chun scoile Chonáin í. GRUAGACH an TOBAIR. * * * * * AN CLÓ-CHUMANN, (Teóranta), Clódóirí Gaedhilge, Sráid Mhór na Trágha, Baile Átha Cliath. * * * * * *** END OF THE PROJECT GUTENBERG EBOOK LEABHRÁIN AN IRISLEABHAIR—III *** Updated editions will replace the previous one—the old editions will be renamed. Creating the works from print editions not protected by U.S. copyright law means that no one owns a United States copyright in these works, so the Foundation (and you!) can copy and distribute it in the United States without permission and without paying copyright royalties. Special rules, set forth in the General Terms of Use part of this license, apply to copying and distributing Project Gutenberg™ electronic works to protect the PROJECT GUTENBERG™ concept and trademark. Project Gutenberg is a registered trademark, and may not be used if you charge for an eBook, except by following the terms of the trademark license, including paying royalties for use of the Project Gutenberg trademark. If you do not charge anything for copies of this eBook, complying with the trademark license is very easy. You may use this eBook for nearly any purpose such as creation of derivative works, reports, performances and research. Project Gutenberg eBooks may be modified and printed and given away—you may do practically ANYTHING in the United States with eBooks not protected by U.S. copyright law. Redistribution is subject to the trademark license, especially commercial redistribution. START: FULL LICENSE THE FULL PROJECT GUTENBERG LICENSE PLEASE READ THIS BEFORE YOU DISTRIBUTE OR USE THIS WORK To protect the Project Gutenberg™ mission of promoting the free distribution of electronic works, by using or distributing this work (or any other work associated in any way with the phrase “Project Gutenberg”), you agree to comply with all the terms of the Full Project Gutenberg™ License available with this file or online at www.gutenberg.org/license. Section 1. General Terms of Use and Redistributing Project Gutenberg™ electronic works 1.A. By reading or using any part of this Project Gutenberg™ electronic work, you indicate that you have read, understand, agree to and accept all the terms of this license and intellectual property (trademark/copyright) agreement. If you do not agree to abide by all the terms of this agreement, you must cease using and return or destroy all copies of Project Gutenberg™ electronic works in your possession. If you paid a fee for obtaining a copy of or access to a Project Gutenberg™ electronic work and you do not agree to be bound by the terms of this agreement, you may obtain a refund from the person or entity to whom you paid the fee as set forth in paragraph 1.E.8. 1.B. “Project Gutenberg” is a registered trademark. It may only be used on or associated in any way with an electronic work by people who agree to be bound by the terms of this agreement. There are a few things that you can do with most Project Gutenberg™ electronic works even without complying with the full terms of this agreement. See paragraph 1.C below. There are a lot of things you can do with Project Gutenberg™ electronic works if you follow the terms of this agreement and help preserve free future access to Project Gutenberg™ electronic works. See paragraph 1.E below. 1.C. The Project Gutenberg Literary Archive Foundation (“the Foundation” or PGLAF), owns a compilation copyright in the collection of Project Gutenberg™ electronic works. Nearly all the individual works in the collection are in the public domain in the United States. If an individual work is unprotected by copyright law in the United States and you are located in the United States, we do not claim a right to prevent you from copying, distributing, performing, displaying or creating derivative works based on the work as long as all references to Project Gutenberg are removed. Of course, we hope that you will support the Project Gutenberg™ mission of promoting free access to electronic works by freely sharing Project Gutenberg™ works in compliance with the terms of this agreement for keeping the Project Gutenberg™ name associated with the work. You can easily comply with the terms of this agreement by keeping this work in the same format with its attached full Project Gutenberg™ License when you share it without charge with others. 1.D. The copyright laws of the place where you are located also govern what you can do with this work. Copyright laws in most countries are in a constant state of change. If you are outside the United States, check the laws of your country in addition to the terms of this agreement before downloading, copying, displaying, performing, distributing or creating derivative works based on this work or any other Project Gutenberg™ work. The Foundation makes no representations concerning the copyright status of any work in any country other than the United States. 1.E. Unless you have removed all references to Project Gutenberg: 1.E.1. The following sentence, with active links to, or other immediate access to, the full Project Gutenberg™ License must appear prominently whenever any copy of a Project Gutenberg™ work (any work on which the phrase “Project Gutenberg” appears, or with which the phrase “Project Gutenberg” is associated) is accessed, displayed, performed, viewed, copied or distributed: This eBook is for the use of anyone anywhere in the United States and most other parts of the world at no cost and with almost no restrictions whatsoever. You may copy it, give it away or re-use it under the terms of the Project Gutenberg License included with this eBook or online at www.gutenberg.org. If you are not located in the United States, you will have to check the laws of the country where you are located before using this eBook. 1.E.2. If an individual Project Gutenberg™ electronic work is derived from texts not protected by U.S. copyright law (does not contain a notice indicating that it is posted with permission of the copyright holder), the work can be copied and distributed to anyone in the United States without paying any fees or charges. If you are redistributing or providing access to a work with the phrase “Project Gutenberg” associated with or appearing on the work, you must comply either with the requirements of paragraphs 1.E.1 through 1.E.7 or obtain permission for the use of the work and the Project Gutenberg™ trademark as set forth in paragraphs 1.E.8 or 1.E.9. 1.E.3. If an individual Project Gutenberg™ electronic work is posted with the permission of the copyright holder, your use and distribution must comply with both paragraphs 1.E.1 through 1.E.7 and any additional terms imposed by the copyright holder. Additional terms will be linked to the Project Gutenberg™ License for all works posted with the permission of the copyright holder found at the beginning of this work. 1.E.4. Do not unlink or detach or remove the full Project Gutenberg™ License terms from this work, or any files containing a part of this work or any other work associated with Project Gutenberg™. 1.E.5. Do not copy, display, perform, distribute or redistribute this electronic work, or any part of this electronic work, without prominently displaying the sentence set forth in paragraph 1.E.1 with active links or immediate access to the full terms of the Project Gutenberg™ License. 1.E.6. You may convert to and distribute this work in any binary, compressed, marked up, nonproprietary or proprietary form, including any word processing or hypertext form. However, if you provide access to or distribute copies of a Project Gutenberg™ work in a format other than “Plain Vanilla ASCII” or other format used in the official version posted on the official Project Gutenberg™ website (www.gutenberg.org), you must, at no additional cost, fee or expense to the user, provide a copy, a means of exporting a copy, or a means of obtaining a copy upon request, of the work in its original “Plain Vanilla ASCII” or other form. Any alternate format must include the full Project Gutenberg™ License as specified in paragraph 1.E.1. 1.E.7. Do not charge a fee for access to, viewing, displaying, performing, copying or distributing any Project Gutenberg™ works unless you comply with paragraph 1.E.8 or 1.E.9. 1.E.8. You may charge a reasonable fee for copies of or providing access to or distributing Project Gutenberg™ electronic works provided that: • You pay a royalty fee of 20% of the gross profits you derive from the use of Project Gutenberg™ works calculated using the method you already use to calculate your applicable taxes. The fee is owed to the owner of the Project Gutenberg™ trademark, but he has agreed to donate royalties under this paragraph to the Project Gutenberg Literary Archive Foundation. Royalty payments must be paid within 60 days following each date on which you prepare (or are legally required to prepare) your periodic tax returns. Royalty payments should be clearly marked as such and sent to the Project Gutenberg Literary Archive Foundation at the address specified in Section 4, “Information about donations to the Project Gutenberg Literary Archive Foundation.” • You provide a full refund of any money paid by a user who notifies you in writing (or by e-mail) within 30 days of receipt that s/he does not agree to the terms of the full Project Gutenberg™ License. You must require such a user to return or destroy all copies of the works possessed in a physical medium and discontinue all use of and all access to other copies of Project Gutenberg™ works. • You provide, in accordance with paragraph 1.F.3, a full refund of any money paid for a work or a replacement copy, if a defect in the electronic work is discovered and reported to you within 90 days of receipt of the work. • You comply with all other terms of this agreement for free distribution of Project Gutenberg™ works. 1.E.9. If you wish to charge a fee or distribute a Project Gutenberg™ electronic work or group of works on different terms than are set forth in this agreement, you must obtain permission in writing from the Project Gutenberg Literary Archive Foundation, the manager of the Project Gutenberg™ trademark. Contact the Foundation as set forth in Section 3 below. 1.F. 1.F.1. Project Gutenberg volunteers and employees expend considerable effort to identify, do copyright research on, transcribe and proofread works not protected by U.S. copyright law in creating the Project Gutenberg™ collection. Despite these efforts, Project Gutenberg™ electronic works, and the medium on which they may be stored, may contain “Defects,” such as, but not limited to, incomplete, inaccurate or corrupt data, transcription errors, a copyright or other intellectual property infringement, a defective or damaged disk or other medium, a computer virus, or computer codes that damage or cannot be read by your equipment. 1.F.2. LIMITED WARRANTY, DISCLAIMER OF DAMAGES - Except for the “Right of Replacement or Refund” described in paragraph 1.F.3, the Project Gutenberg Literary Archive Foundation, the owner of the Project Gutenberg™ trademark, and any other party distributing a Project Gutenberg™ electronic work under this agreement, disclaim all liability to you for damages, costs and expenses, including legal fees. YOU AGREE THAT YOU HAVE NO REMEDIES FOR NEGLIGENCE, STRICT LIABILITY, BREACH OF WARRANTY OR BREACH OF CONTRACT EXCEPT THOSE PROVIDED IN PARAGRAPH 1.F.3. YOU AGREE THAT THE FOUNDATION, THE TRADEMARK OWNER, AND ANY DISTRIBUTOR UNDER THIS AGREEMENT WILL NOT BE LIABLE TO YOU FOR ACTUAL, DIRECT, INDIRECT, CONSEQUENTIAL, PUNITIVE OR INCIDENTAL DAMAGES EVEN IF YOU GIVE NOTICE OF THE POSSIBILITY OF SUCH DAMAGE. 1.F.3. LIMITED RIGHT OF REPLACEMENT OR REFUND - If you discover a defect in this electronic work within 90 days of receiving it, you can receive a refund of the money (if any) you paid for it by sending a written explanation to the person you received the work from. If you received the work on a physical medium, you must return the medium with your written explanation. The person or entity that provided you with the defective work may elect to provide a replacement copy in lieu of a refund. If you received the work electronically, the person or entity providing it to you may choose to give you a second opportunity to receive the work electronically in lieu of a refund. If the second copy is also defective, you may demand a refund in writing without further opportunities to fix the problem. 1.F.4. Except for the limited right of replacement or refund set forth in paragraph 1.F.3, this work is provided to you ‘AS-IS’, WITH NO OTHER WARRANTIES OF ANY KIND, EXPRESS OR IMPLIED, INCLUDING BUT NOT LIMITED TO WARRANTIES OF MERCHANTABILITY OR FITNESS FOR ANY PURPOSE. 1.F.5. Some states do not allow disclaimers of certain implied warranties or the exclusion or limitation of certain types of damages. If any disclaimer or limitation set forth in this agreement violates the law of the state applicable to this agreement, the agreement shall be interpreted to make the maximum disclaimer or limitation permitted by the applicable state law. The invalidity or unenforceability of any provision of this agreement shall not void the remaining provisions. 1.F.6. INDEMNITY - You agree to indemnify and hold the Foundation, the trademark owner, any agent or employee of the Foundation, anyone providing copies of Project Gutenberg™ electronic works in accordance with this agreement, and any volunteers associated with the production, promotion and distribution of Project Gutenberg™ electronic works, harmless from all liability, costs and expenses, including legal fees, that arise directly or indirectly from any of the following which you do or cause to occur: (a) distribution of this or any Project Gutenberg™ work, (b) alteration, modification, or additions or deletions to any Project Gutenberg™ work, and (c) any Defect you cause. Section 2. Information about the Mission of Project Gutenberg™ Project Gutenberg™ is synonymous with the free distribution of electronic works in formats readable by the widest variety of computers including obsolete, old, middle-aged and new computers. It exists because of the efforts of hundreds of volunteers and donations from people in all walks of life. Volunteers and financial support to provide volunteers with the assistance they need are critical to reaching Project Gutenberg™’s goals and ensuring that the Project Gutenberg™ collection will remain freely available for generations to come. In 2001, the Project Gutenberg Literary Archive Foundation was created to provide a secure and permanent future for Project Gutenberg™ and future generations. To learn more about the Project Gutenberg Literary Archive Foundation and how your efforts and donations can help, see Sections 3 and 4 and the Foundation information page at www.gutenberg.org. Section 3. Information about the Project Gutenberg Literary Archive Foundation The Project Gutenberg Literary Archive Foundation is a non-profit 501(c)(3) educational corporation organized under the laws of the state of Mississippi and granted tax exempt status by the Internal Revenue Service. The Foundation’s EIN or federal tax identification number is 64-6221541. Contributions to the Project Gutenberg Literary Archive Foundation are tax deductible to the full extent permitted by U.S. federal laws and your state’s laws. The Foundation’s business office is located at 809 North 1500 West, Salt Lake City, UT 84116, (801) 596-1887. Email contact links and up to date contact information can be found at the Foundation’s website and official page at www.gutenberg.org/contact Section 4. Information about Donations to the Project Gutenberg Literary Archive Foundation Project Gutenberg™ depends upon and cannot survive without widespread public support and donations to carry out its mission of increasing the number of public domain and licensed works that can be freely distributed in machine-readable form accessible by the widest array of equipment including outdated equipment. Many small donations ($1 to $5,000) are particularly important to maintaining tax exempt status with the IRS. The Foundation is committed to complying with the laws regulating charities and charitable donations in all 50 states of the United States. Compliance requirements are not uniform and it takes a considerable effort, much paperwork and many fees to meet and keep up with these requirements. We do not solicit donations in locations where we have not received written confirmation of compliance. To SEND DONATIONS or determine the status of compliance for any particular state visit www.gutenberg.org/donate. While we cannot and do not solicit contributions from states where we have not met the solicitation requirements, we know of no prohibition against accepting unsolicited donations from donors in such states who approach us with offers to donate. International donations are gratefully accepted, but we cannot make any statements concerning tax treatment of donations received from outside the United States. U.S. laws alone swamp our small staff. Please check the Project Gutenberg web pages for current donation methods and addresses. Donations are accepted in a number of other ways including checks, online payments and credit card donations. To donate, please visit: www.gutenberg.org/donate. Section 5. General Information About Project Gutenberg™ electronic works Professor Michael S. Hart was the originator of the Project Gutenberg™ concept of a library of electronic works that could be freely shared with anyone. For forty years, he produced and distributed Project Gutenberg™ eBooks with only a loose network of volunteer support. Project Gutenberg™ eBooks are often created from several printed editions, all of which are confirmed as not protected by copyright in the U.S. unless a copyright notice is included. Thus, we do not necessarily keep eBooks in compliance with any particular paper edition. Most people start at our website which has the main PG search facility: www.gutenberg.org. This website includes information about Project Gutenberg™, including how to make donations to the Project Gutenberg Literary Archive Foundation, how to help produce our new eBooks, and how to subscribe to our email newsletter to hear about new eBooks.